Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 069
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór pisreóg ann. Nuair a bhíonn duine ag déanamh cuinneóige, deirtear go mbíonn níos mó ime acu nuair a chureann siad crúd capaill agus splannc faoi an mheadair.Deirtear nár cheart stráinséar a leigint amach agus tú ag déanamh cuinneóige gan cúpla bualadh de'n gcuinneóig a dhéanamh.Nuair a bhíonn duine ag dul go dtí an t-aonach, ba cheart dó a shean-bhróga chaiteadh ina dhiaidh mar, muna ndéánfaí é sin ní bheadh an t-ádh air.Amannta, caitheann na daoine cearca marbha isteach i bpáirc a gcomharsan chun go dtiocfadh an galar ar chearca an duine sin.Deirtear dá dtuiteadh splannc amach as an dteine go mbead duine éigin le teacht isteach.Deirtear dá dtuiteadh spúnóg ar an urlár agus tú ag ól tae go dtiocfadh díombáidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ciaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cnocáin Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ciaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cnocáin Thoir, Co. na Gaillimhe