Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 158
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó nuair a bhíodh na sean-daoine bocht ní raibh aon rud le n-ithe aca ach fataí agus bláthach. Ní raibh aon té aca an t-am sin agus mar gheall ar sin bhí siad sásta go leór chun cúpla fataí, salann agus bláthach a fhághail tar-éis teacht abhaile ó'n scoil dóibh.Cuiridís na fataí san Earrach. I druileanna 'seadh chuiridís iad. Bhíodh bean an tighe ag déanamh sgiolláin de na fataí agus fear an tighe a chur. Chuiridís leasú amach ar na drilleanna ar dtús. Bhíodh mála sáidhte ag an bhfear agus é ag cur na bhfataí.San am sin freisin thugaidís aire maith do na fataí agus iad ag fás. Chuiridís cloch-ghorm orra chun an dubhacháin a choimeád uacha. Bhíodh a lán daoine bailighthe san pháirc nuair a bhíodh na fataí á bhaint aca. Tar-éis iad a bhaint chuiridís i bpollanna san bpáirc iad agus chuiridís cludach orra.Bhí na sean-daoine indon starch a dhéanamh d'fhataí fadó, ach níl mórán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Chonaille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe