Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 064
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnuidhe i nGlún ins an mbliadhain 1900. Seán Ó Murchadha an t-ainm do bhí air. Fear beag do b'eadh é.
Ní raibh aon duine in a chómhnuidhe ins an teach leis, acht é féin. Bhí mada mór aige, agus dath dubh do bhí air, "Pontó" an t-ainm do bhí air freisin. Bhí grádh mór aige air.
Ar an séamhadh lá D'Eanair 1922 fuair an madra bás, agus chaith an fear trí lá ag gol in a dhiaidh. Annsin bhain sé an chroicheann de'n mhada, agus dhein sé cóta as i gcóir é féin.
Ar an séamhadh lá D'Fheabhra 1922 chuaidh an fear amach ins an bpáirc ag obair. Nuair a chuaidh sé amach ins an bpáirc bhain sé a chóta dhe, agus d'fhág sé í ar an dtalamh in-aice leis é.
Tar-éis tamaill rith girrfhiadh treasna na páirce agus rith an cóta ina dhiaidh. Deirtear dá mbeadh an cóta ag rith ón lá sin go dtí an lá indiu, ní bheadh sé indon an girrfhiadh a fhágháil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghéibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Con Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Ghéibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Con Thiar, Co. na Gaillimhe