Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 162
- XML “Aiste - Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá feilm againn sabhaile agus cuireann m'athair na fataí ar an bhfeilm ins an t-Earrach gach bhliadhain. Ar dtúis déanann mo mháthair na sciolláin agus fágann sí súil in gach píosa. Nuair a bhíonn na sciolláin déanta aicí déanann m'athair na h-iomairí le chéacht.Ins an t-sean aimsir do dhéanadh na daoine na h-iomairí le láirghe, acht ní dhéanann nac daoine na h-iomairí anois le láirghe. Tá céacht ag gach duine anois. Gheibheann m'athair dhá chapall agus céacht agus déanann sé cúig sgríb leis an gcéacht. Nuair a bhíonn an méid sin déanta ag m'athair tugtar iomairí ar sin. Cuireann sé an leasú ar na h-iomairí annsin. Bíonn na h-iomairí réidh leis na fataí a chur ann. Tá a lán daoine ann agus déanann siad driollanna.Tá a lán sórt fataí ann mar atá-:
"Kerrpinks", "Champions", "Chiefs" and the Arranbaners. Nuair a bhíonn na fataí ag fás cuireann m'athair cloch-ghorm ar na fataí sa gcaoi go bhfásann siad go maith. Treabhann na daoine agus fuirsigheann siad an talamh, le h-aghaidh na ndriollanna ar dtúis agus annsin cuireann siad an leasú ar na driollanna, agus annsin fágann siad na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Sheóighigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Coillte Fada, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coileán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Coillte Fada, Co. na Gaillimhe