Scoil: Árd Aoibhinn

Suíomh:
An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Dll. De Grás
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Aoibhinn
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Císte Óir i bhfolach
    Tá císte óir i bhfolach in aice mo thighe i gCnocán. Tá crann dara ag fás ar an áir a bhfuil an t-ór. Crann Nuala a thugtar ar an gcrann sin, mar Nuala an t-ainm a bhí ar an gcailín gur léi an císte. Deirtear go bfuil ocht gcéad púnt ins an gcíste sin.
    Bhí Nuala Ní Briain in a comhnuidhe i gCnocán san naoidheadh céad déag. Ní raibh aoinne in a chomhnuidhe in éinfheacht léi. Bhí sí san Astráil ar feadh an chuid is mó dá saofhal. Tháinig sí go dtí Cnocán i lár an naoidheadh céad déag, agus cheannuigh achar talmhan annsin, agus rinne sí teach mór álainn. Bhí fuath idir í agus gach duine san gcomharsancacht.
    Téifeadh sí amach gach oidhche agus thafadh sí ar ais ar maidin an lae in a dhiaidh sin. Dubhradh go raibh sí as a meabhair, ach ní féidir sin a cruthú. Bhíodh éadaigh gorma uirthi, mar sé gorm an dath a bhí ar bhrat na hAistráile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gearóid De Grás
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Paiste, Co. na Gaillimhe