Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 089
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean-daoine ann agus creideann siad na sean-leighiseanna atá aca ó na sean daoine fadó. Deireann siad dá mbeadh tinneas-cnámh ar duine agus dá dteigheadh sé nó sí go dtí tobar beannuighthe atá idir Béal Átha Mhogha agus Caisleán Ribhach agus deoch a ól as, go mbeadh biseach air nó uirthí tar éis cúpla lá in a dhiaidh sin.
Chuala mé sean-fhear á rádh go bhfuil sean tobar beannuighthe eile idir an Creagán agus Roscomán agus dubhairt sé dá mbeadh aon trioblóid ar dhuine agus dá dteigheadh sé go dtí an tobar sin agus cúpla paidreacha a rádh agus cuid den uisge a thabhairt abhaile leis, go mbeadh an trioblóid imthighthe tar-éis tamaill. Tá lá éigin san mbliadhain a dteigheann daoine na h-áite go dtí an tobar sin ag guidhe.
Tá uisge beannuighthe eile ann agus dá mbeadh tinneass cinn ar dhuine agus dá nigeadh sé é féin leis bheadh biseach air i na dhiaidh sin. Nuair a gheibheann duine scairt in a láimh nó in a cois(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe