Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 003
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí beirt fhear in a gcomhnuidhe le cheile dárbh ainm Seán agus Tomás Ó Ceallaigh. I gCurrach seadh bhí siad in a gcomhnuidhe. Cheap gach duine go raibh siad go h-an-bhocht ar fad ach ní mar sin a raibh. Bhí go leór saidhbhris aca i ngnan-fhios do'n domhan. Bhí an t-airgead do léar ag Seán agus ní raibh pighin ag Tomás.Fear sanntach dob eadh Seán agus ba mhaith leis an saidhbhreas a choiméad dó féin agus gan aon dhe a thabhairt do Thomás. Ar an ádhbhar sin bhí siad i gcomhnuidhe beagnach ag troid agus ag tuitim amach ó na chéile. Sa deire ní raibh aon rud le n-ithe ag Tomás agus ní raibh éadaigh galánta aige, ach mar sin féin bhí sé sásta ach rud a fhágail le n-ithe ó Seán.Tar- éis tamaill bhí ar Tomás a dhul amach ar lorg bidh dó féin. Chuaidh sé go fear uasail a raibh'san gcomharsanacht agus thóg an fear sin é isteach ag obair dó. Ní raibh sé ach seachtmhain ag obair ansin nuair a chuala sé go bhfuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Condubh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chlasach Rua, Co. na Gaillimhe