Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 012
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tógfainn i mo ghlaic é is ní chuirfeadh an rí gadh air.
Glac Gainimh.
Teachtaire beag ó theach go theach a chodluigheann amuigh san oidhche.
Bóithrín.
Chuaidh mé siar is aniar an garrdha agus fuair mé rud nach raibh mé ag iarraidh.
Dealg i mo chois.
Céard é an rud a théigheann ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh dan mothú.
Bóthar Iarainn.
Céard é an rud atá corp agus sgórnach aige agus gan aon rud eile.
Buidéal.
Is cruinne e ná do chenn agus is fuide é ná na mílte crann.
Ceirtlín Snáith.
Mo dhuine beag maol ag teacht chud an tobar, a cheann maol, maol leis an obair, ní ólann sé bainne ná ní ólann sé uisge. Ní itheann sé tada is cuma cé'n obair.
Peann Iomair.
Céard é an chéad rud a chuir Adhamh i ngáirdín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bhrighid Ní Mhí
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe