Scoil: Cathair Loisgreáin (C)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Nic Aodha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0564

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0564

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Leathanach 0564
  3. XML “Fear Fómhair ag Dul go Sasana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear Fóghmhar Ag Dul Go Sasana.
    Bhí fear ann fadó as Catharnahaoine ag dul go Sasana agus ag dul ann chuaidh sé isteach chuig Quealy agus glaodh sé cáirt pórtar agus d'ól sé é. Sé an luach a bhí ar an pórtar an uair sin ceithre pighne. Leag sé amach sgilling agus bhí sise ag tabhairt senseal ar ais dó. Choinnigh é sin go mbeidh mé teacht ar ais, tá mé dul go Sasana. Cé'n chaoi an gcuimhneóchadh mise ar do chuid senseal núair a bhéas tú teacht ar ais. Núair a glaodhfas mise ar luach ocht bpighne de pórtar, agus núair a iarrfas tusa luach abróchadh mise "féach ar mó hata. Tá go maith ar sise.
    D'imthigh leis go dtáinig sé go dtí Canabháin, agus ghlaodh sé ar cáirt pórtar d'ól sé é agus leag sé amach sgilling. Tharraing Canabháin a chuid senseal do, agus dubhairt sé leis é a choineál go mbéadh sé teacht an bealach arís. Cé'n chaoi an gcuimhneóchadh mise ar do cuid senseál. Núair glaodhfas mise deoch, iarrfaidh tusa luach, abróchadh mise "féach ar mo hata." Tá go maith ar seisean cuirfidh sin i gcuimhne dom é.
    Chuaidh sé go Túaim. Cé'n mhaith sgéal fada a dhéanamh de sgéal gearr? Rinne sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brígid Ní Mhanacháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seághan Ó Manacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    Domhnach Pádraig, Co. na Gaillimhe