Scoil: Cathair Loisgreáin (C)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Nic Aodha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0571

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0571

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Leathanach 0571
  3. XML “Fear a Bhí ag dul Chuig an Margadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear A Bhí Ag Dul Chuig An Margadh.
    Bhí feilméar ann fadó. D'eirigh sé go moch maidin amháin, mar bhí sé ag dul chuig an margaidh lé ualach féir a dhíol. Thug sé beile coirce do'n chapall agus d'ith sé é. D'eirigh a bhean agus ghléas sí a bhricfeásta dhó. "Ná déan aon mhoill" ar sise, "ach tar abhaile núair a bhéas an féar díolta agat." "Déanfadh sin a stóirín" ars an fear agus d'imthigh leis.
    Bhí féar daor ann an lá céadhna, agus ní raibh sé i bhfad ar an margadh gur dhíol sé an féar ar lúach maith. Bhí sé lán tsásta leis an airgead. Chasadh cáirde air, agus chuaidh síad isteach i dtigh ósta. D'ól an feilméar braon beag thar an gceart agus bhí sé roinnt súghach. Núair a bhí sé ag teacht abhaile san trathnóna thuit sé in a chodladh san trucail, agus stad an chapall ag cros-bhóthar. Bhí gaduighe ag dul an bealach. Chonnaic sé an fear ins an cart. Sgaoil sé an capall. Léim sé súas air, agus d'imthigh leis. Dhúisigh an fear lé fáinne an lae, d'féach sí [!] in a thimcheall, ach ní raibh aon capall lé feiceál.
    Chuaidh sé go dtí an bearraic a bhí i ngar dó. Bhúail sé ar an doras. I gceann tamaill bhig, d'osgail saor é. Chonnaic an fear go raibh gunna in a láimh aige, agus tháinig eagla air. "Cé hé tusa agus céard tá uait?" ars an siomhar. Sin é go díreach atá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Duibhghiolla
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó hUigín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhothlan, Co. na Gaillimhe