Scoil: Cathair Loisgreáin (C)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Nic Aodha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0502

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0502

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Leathanach 0502
  3. XML “Marcaigh agus Rása”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Marcaí Agus Rása.
    (Púitéirí Cill Bheóláin.)
    Oidhche bréagh gealaighe, chuaidh Seán Ó Maolruaidh (John Mulroe) amach ar fuid na páirce agus chuir sé súil-rimhe sa talamh chun girrfidh a bhreith air. Tar éis sin, chuaidh sé go teach eile ag imirt cártaí, agus ar a leath uair tar éis a naoi, tháinig sé abhaile agus chuaidh se a codladh. Nuair a dhuisigh sé sa meadhon oidhche, chonnaic sé an gealach agus shíl sé go raibh an lá ann. D'eirigh sé, thug sé an madadh leis, a mhála, agus a mhaide. Chuaidh sé go dtí an áit a raibh an súil-rimhe aige. Nuair a tháinig sé go dtí an áit, chuala sé torann sa spéir, agus is gearr go bhfaca sé marcaigh an deise. Tháinig ceann aca chuige agus dubhairt sé leis narbh ceart an rud dó bheith amuigh an tráth sin d'oidhche. Tháinig faitchios an domhain in a croidhe, agus thuit an maide a bhí in a láimh as, agus chuir sé suas a lámh ar a cheann go bhfeicfidh sé an raibh a chaipín in a ceann. Dimthigh na marcaigh agus rinne seisean a bhealach abhaile. Thárla sé go dtáinig sé chuig an páirt a raibh na marcaigh, agus an rása ar siubhal. Chuala sé a lán glór le chéile, agus ní raibh sé in don focal a raibh síad a rádh a thuigsint. Thosuigh an rása agus bhí an capall bán i dtosach, agus shíl sé gurab iongantach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Manacháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Maolruaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Domhnach Pádraig, Co. na Gaillimhe