Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis go "Cnoc- Mágha. Bhí sé ag dul go h-an tapaidh nuair a bhí sé dul abhaile agus do chaill capall na trí gcos crú Tráthamhail go leór ní raibh sé bhfad ó cheadchain. Chuaidh sé go dtí í agus chuir an gabha an crú ar an gcapall. Ní glacfadh an gabha aon airgead agus dubhairt finbharra go gcaithfeadh sé é a íoc. "Níl aon maith ann", arsan gabha, "Ní ghlacfadh mé aon airgead uairt". Dimthigh Finbarra leis go Cnoc- Mágha annsin. Cúpla bliadhain ina dhiaidh sin bhí an gabha i dTuaim agus chonnaic sé an fear agus an capall ceadna aige. 'San am ceadna do sheíd an ghaoth go tobann agus tháinig paípeár chuige leis. Bhuail sé a mhaide air agus céard a bhí ann acht nóta dá phunt sin é an chaoí a d'íoc finbharra an gabha.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gráine
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe