Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abhaile a amadán", adeir an gréasaidhe, "tháinig fhear mar sin chugamsa agus dubhairt sé liom a dhul go gáirdhín Rucaird de búrca agus go raibh sgeach éigin ag fás ann agus go raibh poca óir in-aice leis síos sa talamh. Chaidh Rucard abhaile agus chuaidh sé amach go dtí an sgeach maioin lár na bharach le sluasad is ní raibh acht dá phreab bainte aige nuair a chonnaic sé poca beag. bhain sé an claibín de agus bí se lán go béal le ór. Thuig sé isteach é agus áthas an domhain air. bhí rud eígin sgriobhtha ar an gclarbín nach raibh sé in-ann a léigheamh. bhí fear beag ag dul thart agus fear an fhóghlumtha do b'eadh é. Tháinig sé isteach chuig Rucard lá agus chonnaic sé an claibín. "Maise nach aisteach an rud atá sgríobhtha ar sin", adeir sé. "Céard é ' ? adeir Rucard. "Tá an taobh eile de'n sgeich chomh iongantach leis an taobh sin", adeir an fear. Níor dhubhairt Rucard tada ach maidin lá ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe