Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 200
- XML “Éamon na Bealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I dtaca leis an dream a bhi sa choisde de, ní rabhthar i n-a dhiaidh air é a bheith cionntai i n-a mbás. D'fhéad síadsan aire thabhairt díobhtha féin. Ní rabh fear ar bith abálta na gníomhartha a dheánamh agus ligeadh a cheann saor leis. D'imthigh sé leis anonn go h-Albain agus chuaidh sé a shaoirsmeacht, ach an méid a bhíodh tógtha aige sa lá bhíodh sé leagtha san oidhche agus d'éirigh sé tuireseach agus stad sé ar fad. Bhí an claidheamh agus an croiceann leis i rith an ama. Lá amháin iongantach té bhi sé ag siubhal thart a's thuit sé i n-a chodladh a's bhi an claidheamh caithte le n-a thaoibh. Bhi sé i n-a chodhladh cómhgrach do caisleán rí. Bhi fear de chuid searbhfhóghantaidhthe an rí ag gabhail thart le n-a thaoibh agus chonnaic sé an claidheamh agus an rann a bhi sgríobhtha air. Bhi an rí seo ag tógail caisleáin agus anméid a bhíodh tógtha sa lá aige bhíodh sé go talamh ar maidin. Chuaidh an searbhfhóghantaidhe agus d'innis sé an sgéal do'n rí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Hanraoi Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall