Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 201](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1069%2FCBES_1069_201.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 201
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 201
- XML “Éamon na Bealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tabhair aníos annseo é" arsa'n rí. "Tá a leithid sin de fhear a dhith orm-sa" le h-obair mhóir a chuaidh an fear síos. Bhí eagla air go mairbhfeadh Éamon é. Nuair a chuaidh sé síos thoisigh sé a chathamh sileóg air agus ag sgairtigh leis ag iarraidh air muscladh. Ach ní rabh gar ann. Béigean dó Éamon a chrathadh. Nuair a mhusgail sé Éamon d'innis sé an sgéala dó. Chuaidh Éamon leis ach bhí eagla ar an fhear eile roimhe agus bhi sé ag congbhail giota maith amach uadh. Nuair a tháinig Éamon roimhe'n rí d'innis an rí dó caidé mar bhi agus d'fhíafruigh sé d'Éamon an gcoinneochadh sé gárda ar an chaisleán úr dó gach uile oidhche. D'íarr Éamon air neart saorhtai a chruinniú agus giota maith oibre a thógail an lá thar na mhárach agus go gcoinneochadh seisean gárda an oidche sin.
Rinne an rí amhlaidh agus bhi ballai árda tógtha tráthnóna. Chuaidh Éamon anáirde ar an obair agus d'fhan sé ann an oidhche sin. Níor b'fhada a bhi sé annsin go dtáinig beirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Hanraoi Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall