Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 199
- XML “Éamon na Bealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuireadh sé a cheann amach anois agus arís go bhfeicfeadh sé an rabh aon duine ag teacht. Chonnaic sé beáthach agus cóisde ag teacht. Chuir sé amach a cheann nuair a mheas sé an cóisde a bheith os a choinne agus sgánnruigh an beáthach agus thug sé taoibh-léim agus bhris sé an cóisde agus mharbhuigh sé na daoine. Bhi an tóir indiaidh Éamonn Dairíribh anois agus smaointigh sé go rachadh sé go h-Albain. D'imthigh sé leis a tarraingt ar Dhoire agus go díreach nuair a tháinig sé fhad leis an chéidh, bhi an bád ar shiubhal amach píosa. Thug sé léim amach ar bórd. Bhi fearr i n-a shuidhe ar deck ag deánamh sómois do féin agus ce'n áit ar léim Éamon ach i mullach an fhir agus bhrúigh sé na putógai as. Chruinnigh na daoine uilig thart ar Éamon ag íarraidh é chur chun báis. Sé an bhreitheamhnas a tugadh: ma bhi fear ar bith ar bórd a dtiocfadh leis an léim céadna a thabhairt, no fear ar bith a dtiocfadh leis cloch a chur leis, chuirfidh Eamon'un báis, ach muna rabh ligfidh chead a chinn leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Hanraoi Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall