School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 95
- XML “Scéal - Mullach na nDamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá seal bliadhain ó shoin bhí dha dheárbhrathair na gcómhnuidhe i Mullaigh na nDamh i mbárr Gleann a’ Bhaile Dhuibh. Ní rabh acú acht iad fein agus bhí siad ag tárrangt lé chéile go maith ar gabhaltas beag ag strácal leis an t-saoghail.
Acht oidhche amhain sul a dteáchaidh siad i luighe bhí’n bheirt acú na suidhe cos teineadh agus ní rabh fonn ar bíth cainnte ar an fear a b’óige acht é ag stánadh isteach sa teine agus é ag smaoitiughadh go doimhin. Sa deireadh ar seisean “Sé r’d a bhí mé ag smaoitiughadh annsin go bhfuil an gabhaltas seo gánn go leór ag duine amhain againn can amhain beirt agus mar is mise is óige, tá mé ag imteacht i mbárach”.
Ní rabh gár a bhéith leis, d’imtigh sé i mbéal maidne lá ar na bhárach. Níor stad sé go deárn sé fástughadh lé fear ar an lágan.
Nuair a bhí’n bliadhan istigh aige i n-ait pilleadh ar an bhaile caidé sé gnídh acht bean a rabh gabhaltas aicí a phósadh. Ní rabh sí ró-óg acht nar chuma fa sin bean . tálaimh a bhí inntí agus clú aicí go rabh sí go láidir sa t-saoghail an rud a bfíor. Mar sin dé níor phill sé go Mullaigh na nDamh acht shocruigh sé ar an lágan agus ní rabh fáth géaraid ar bíth aige na ‘nois bhéadh a sháith(continues on next page)- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Dimnic Mac Lochlainn
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall