School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 96
- XML “Scéal - Mullach na nDamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige go bráthach.
‘Nois nuair a bhí sé tuairim ar trí bliadhna pósda dar leis fein, “tá sé ceithre bliadhna ó chonnaic mé mó dheárbhrathair agus ba mhaith liom é a fheicealt”. Nuair a d’innis sé seo do na mhnaoi ní dheárn sí aon dath acht suidhe síos agus sgríobh leitir deas ‘soir a dheárbhrathar i Mullaigh na nDamh ag iarraidh air teacht ar cuairt ionnsorthú.
Nuair a shroich an leitir seo Oifig an Phuist i mBaile ‘n Droichid bhí’n fear-phuist ag amharch thart go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé aon duine ag gabhail suas go Gleann a Bhaile Dhuibh go gcuirfeadh sé suas an leitir leis, na ní rabh puist ar bíth ag imteacht suas an Ghleánna an uile lá mar tá anois. B’éigin do na daoine theacht go dtí’n Oifig nuair a bhéadh siad ag súil lé leitir na i n-ámannaí ghníodh an fear-phuist gár daobhtha agus chuirfeadh sé an leitir lé aonduine ionnraice a bhéadh ag gabhail beálach an tíghe. Fuair sé feár as an bhaile-mhór ag gabhail suas an lá seo go Mullaigh na nDamh ag amharc indiadh éallach féurach a bhí shuas aige ann. Thug sé seo leis an leitir agus bhog leis suas an Ghleanna. Nuair a bhí sé tárrangt ar teach an fhir a rabh an leitir aige fa na choinne goidé tcídh se acht an fear taobh shíos do’n teach(continues on next page)- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Dimnic Mac Lochlainn
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal