School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)239. Is lugha na frigh máthair cointinne (is beag an rud a dtig an chointinn as) (P. Sheóiní)
240. Duine droch - chroidhtheach, duine doicheallach agus duine cúl-chainnteach
241. Here’s to strands and barren lands
May ever I be free
From rocks and sands and scolding woman’s tongues
O Lord deliver me. (A. Ní Ch.)
242. Bhí mé ag deánamh cruasacht trágha (baint slóbhach) P.Sh.
243. Sciordann éan as gach ealt(a) (Bíonn duine corr ar gach teaglach - nach mbíonn cosmhail leis an chuid eile) A. Ní C
244. Is bocht an fear a chuireas a mhraoi in a phóca (sé sin a phósas geall ar spré) A. Ní C.
245. Greim an fhir bháidhte - bhí greim an dá bhruach leis A. Ní
246. Sláinte an bhradáin; croidhe folláin agus beal fliuch.
247. Sláinte an asail - ní fhaca mé asal marbh ariamh.
248. Dá nidh nár casadh orm ariamh, torram pedleara (tinnceara?) agus asal marbh
249. Ní tiocfadh leobhtha rath a bheith orta; bhi siad ag trúth (tnúth) le chéile
250. Ní (tioc) itheann an tailliúr im ach inithigheann sé le na linn.
251. Shílfea go bhfuil móthú fá na néalta (comhartha doinnine)
252. [Chunglothadh]? sé na corra (An ghaoth anoir ón tsliabh. Dóigh eile air “Dfheannfadh sé na corra”. Corr = sand eel)
253. “Níl mé ag maoideamh an siubhail ort”, mar dubhairt an bhean nuair a casadh an fear uirthi ag dul suas ar an chroich.
254. Pós bean sléibhe agus pósfaidh tú an sliabh uilig.
255. “Glóir do Dhia agus peachaidh an toighe seo ar an teach seo thiar”.
(Paidí Mór O’Sléibhín a dubhairt dhe dh’iontras. Bhí bean ‘an teach seo thiar i láthair agus shíl sí go dtuitfeadh na peacaid uilig uirthi féin)
256. Na mol agus na cáin
Na dean fanachaid ar sráid
Na dean cráid (cnáid) ar dhuine bhocht
Na bí (ar) deireadh i gcoill nó (ar) tús i gcurrach
(má mholann tú duine b’fhéidir gur goirid go mbéadh cúis a chánta agat agus is amhlaidh leis an cánadh fosta. Má bhíonn tú ar deireadh sa choillidh béidh an duine eile ag lúbadh na slatach romhat agus buailfidh siad thú san aghaidh. Má bhíonn tú ar tús sa churrach is tú is guiste a rachfas san abar)
Micheal Ó Tomais, (64) Eadar Gabhail, Loch Iasc, a thug damh 246-256.
Chuala seisean a mbunas ó Pháidí Mór O’Sléibhin, a bhfuil a lán scéalta agus laoithe uaidhi “Cruach Chonaill”.- Informant
- Micheal Ó Tomais
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall
- Informant
- N. Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Paidí Mór Ó Sléibhín
- Gender
- Male
- Informant
- A. Ní Cheallachain
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female