School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)220. Siubhal mé shoir agus shiar, Agus thainic mé aniar an aithghiorra dubh. Ní fhaca mé dadaidh ariamh. A codlochadh ‘n oidhche le muic (A. Ní C.)
221. Trocaire agus grásta go bhfághaidh tú agus bás gan peacaidh. (Nóra Nic Giolla Bhrigde)
222. (Níor Ní Ódhráin, an teach a b’fhuide shiar in Éirinn)
Tá sé comh fada siar le Mór ní Odráin. (N. Nic G. Br.)
223. Tá siad comh buidhe le Cailleacaí Buidhe Machaire Gálthain
224. Tá se comh fada o thuaidh le poll toighe léabáin.
(Poll toighe léabáin = Uamha de pholl mhór domain ag Ceann Málaínn)
225. Nuair a shíleas bean an óil mo chuid óir a bheith caithte béidh sean táirngí bróg in mo phoca da mealladh (A. Ní. C.)
226 Na suidh i ngáimhthín (goimh - shíon) an dorais (S. O’Baoghaill)
227. Slán goile slán is mó sáith ar bith (A. Ní C.)
228. Gach éan mar oiltear agus an fheadóg sa mhónaidh (Is dual do gach duine an áit in a dtógtar é - Nóra Nic Giolla Bhrigde)
229. Ní thabharfadh an fiach dubh do’n éan é
Dá dtugadh féin níor leis féin é (Bhearfadh sé bás an éin. (N Ní Ch.)
230. A whistling woman and a crowing hen is not sanctified in one townland (A. Ní C.)
231. Ghreim an fhir bháidhte (bionn sé daingean) A. Ní C.
232. Sé do mhac do mhac indiú, sí do inghean do inghean go deó A. Ní C.
233. leath riarstanais teacht na Feile Brighde
(ba cheart do daoine leath preataí, leath mónadh, leath féir [etc]? a bheith aca fá’n Fheil Brigde) A. Ní C.
234. Geibh cos ar siubhal rud nach bhfághann cos na comhnuidhe
235. D’ólfadh se galún Uí Dhomhnaill (D’orduigh an dalach 16 leath - pionta d’a lucht leanamhna ach nuair a cuiread an deoch ar bórd goidé bhí ann ach sé cárta déag = galún Uí Domhnaill. Bhí O’Domnaill comh fiúntach sin nár leig se dadaidh air ach an sgór a dhíol) N. Ní. Dh.
236. Aimsighidh an dall a bheal ach nach léir do an greim is fearr (Peigí Sheóiní).
237. Tá sé ar slabhradh ag an miartún = mío-fhortúin (Tá sé ar slabhradh ag an diabhal) (P. Sh)
238. Tá sí ag deánamh cómhrád na colpaige (ag innse rud do duine a bhfuil a fhios aige féin)(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Tomais
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- Edergole, Co. Donegal
- Informant
- N. Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Paidí Mór Ó Sléibhín
- Gender
- Male
- Informant
- A. Ní Cheallachain
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female