School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 057
  3. XML “An Buachaill gur Theastaigh Cuntas uaidh cé acu ab Fhearr Slí a Athar nó a Mháthar chun Dé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a d'iarraidh an olann do mhúchadh agus más seadh thóg sí féin teine.Sar ar fhéadadh an teine a mhúcadh bhí sí loiscithe 'na beathaidh. Bhailig na cómharsain annsan agus do mhúchadar an teine. Do deineadh í thórramh agus an dá lá dá tórramh agus lá na sochraide, b'iad na trí lá ba bhreághtha tháinig riamh. Bhí an -thrioblóid ar an mac mar gheall ar sin , cad na thaobh go raibh trí droch -lá ag an athair dá thórramh agus dá chur agus trí lá breaghta ag an máthair, Dubhairt sé ná codlóchadh sé oidhce sa bhaile chun go bhfaigheadh sé amach réidhteach an ceiste.. Do dhein sé é féin suas chun bóthair agus fuair sé buachaill chun aire a thabhairt don dtig agus don bhfeirm sa bhaile.'Sé margadh dhein sé leis an mbuachaill ná aire thabhairt den áit go dtí go bhfillfeadh sé nó mara a bhfillfeadh an áit a bheith ar fad aige. Bhailigh sé leis chun bóthair agus bhí sé ag cur de an chéad lá go dtí go dtáinig dubh is dall na h-oidhche air. Chonaic sé tig abhfad uaidh agus chuaidh sé fé na dhéin, D'iarr sé lóistín na h-oidhche agus dubhairt fear an tíghe go bhfaifhedh. Gabha dob eadh fear an tíghe . Fuair sé a shuipéar ,agus bhí sé féin agus fear an tíghe ag cainnt le n-a chéile. D'fhiafruig fear an tíghe dhe cad é an slíghe -bheatha a bhí aige nó cá raibh a thriall. D'innis sé dhó focal ar fhocal mar a thuit amach. Dubhairt fear an tíghe go raibh a scéal aindeis go leor, ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry