School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i gCúige Laighean darab ainm dó Maonas agus bhí fear eile i gCúige Mumhan darab ainm do Murchadh. Ins an am san níorbh fhéidir aon bheirt fhear fhágháil ba threise ná iad, Gaibhne ab eadh iad araon. Ní raibh aon aithne aca féin ar a chéile. Do ghluais Maonas lá chun aithne do chur ar Murchadh agus capall fé. Bhí sé ag cur de an bóthar gur tháinig sé ar céardhchain do bhí ar thaobh an bhóthair mar is gnách gur ann a bhíonn gach ceárdcha déanta.Thairig sé isteach a chapall go dorus na ceárdchan. Dubhairt sé leis an gabha istigh rud éigin do leogaint amach chuige 's dodheargóchad a phíopa. Do rug an gabha istig ar an dteannchair agus do bhuail sé sméaróid de'n teine dhearg ar soc na h-inneóna agus do thóg sé chuige's amach í. Ba mhaith an mhaise sin de'n fhear amuigh. Do rug sé lena leath-láimh ar an inneióin agus do dhearg sé a phíopa leis an sméaróid, Dheineadar ionad coinne le na chéile annsan triall a bheith eatardha lá ' r na mhaireach féachaint ciacu a aca ba threise. Ins an oidhche sin do buailead fuinneóg Murcadh ó'n dtaobh amuig.Do labhair sé d'fiafruig cé bhí amuigh.Do freagair a bhean agus dubhairt sí "Mise bean Mhaonas, do dhíthígheas Maonas mar b'féarr liom de fhear thusa ná é" ar sise. Labhair sé agus(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Miceál Mac an Roigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry