Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Seanaimsireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh mná ann fadó do ghéillead do piseóga i dtaobh bainne agus idtaobh ime. Bhí bean áirighthe ann a deireadh nuair a bhíodh sí ag tosnúghadh ar an gcuigeann do dhéanamh
    Bail ó Dhia ar an gcuigeann seo,
    Sop agus ribe innti,
    Ceirtlíní ime innti,
    Ím an bhaile seo thoir,
    Ím an bhaile seo thiar,
    Ím Cáit agus Bríghde,
    Máire agus Síle,
    Chun an tsoitigh do líonadh i gcóir a 'chíosa,
    Ím an tsagairt féin,
    Dar ndóigh cé gur deacair dom é iarraidh,
    Ach mar sin féin thagadh sé,
    Come butter, come butter, Come butter, Come butter, come.
    Ceann eile , do bhíodh sé aca da bhfaighdís iasc nú feóil
    Go méaduighíd Dia ím is bainne chúgaibh,
    Feóil na bheathaidh chúghaibh,
    Iasc marbh chúghaibh
    Is go tugaid Dia slán abhaile lucht a mharbhuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Conchúbhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Ceannúigh, Co. Kerry