School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 016
  3. XML “Bríghde agus na Buachaillí Bána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bríghde agus na buachaillí bána

    Do bhí beirt bhan bhochta ag siúbhal rómpa uair,agus ag bailiúghadh na déirce , darb ainm dóibh Bríghde agus Máire. Do bhí Bríghde go fuinneamhail agus go láidir, ach níor b.amhlaidh dá páirtídhe Máire, bhí sín críodhna dearóil ,agus níorbh fhada go dtraochfadh an bóthar í.Lá amháin bhíodar ag cur díobh go dtánghadar go dtí tigh a bhí ar thaobh an bhóthair.Dubhairt Bríghde go raghadh sí féin isteach sa tig san,agus dubhairt sí le na comrádaidhe Máire dul go dtí tig éigin eile. Ach sar ar scaradar, do ghealladar araon don a chéile dá mbeadh aon sógainí córach ag duine acu, gan an tarna duine do dhearmhad. Ach go h-áirithe, do scaradar agus chuaidh Bríghde isteach sa tig ar chliathán an bhóthair, agus do chuir fear an tighe fáilte roimpe. Aimsear dinnéir a b'eadh é , agus bhí muintir an tighe ag ithe na bprátaí. Dubhairt fear a' tighe le Brighde teacht chun an bhoird, agus do tháinig go tapaidh. Ag ithe dhi níor dhearmhad sí Máire, agus níorbh fhada gur thug fear a ' tighe fé ndeara í ag tógaint cuid de 'n bhídh, agus ' á cur i bhfolach 'na h-áprún. D'fiafruig sé dhi, cad fáth dhi bheith ag tógaint an bhíd, ach dubhairt sí leis go raibh páirtídhe eile aice, darb ainm di Máire, agus sar ar scaradar araon ó na chéile gur ghealladar dá mbeadh aon sógainí córach ag duine acu, ná dearmhadfaidís an tarna duine. Annsan d'fiafruig sé dhi, cá raibh sí, agus d'innis Bríghde dho. Dubhairt sé léi bheith amuigh go tapaid agus í thabhairt isteach. Do chuaidh Bríghde amach, agus do thug sí Máire isteach. Do chuir fear a' tíghe fáilte romh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheal Mac an Roigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry