School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 097
  3. XML “Scéal Liam Uí Ruainigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó ,agus Liam Ó Ruainig dob 'ainm dó. Lá amháin , tháinig an tighearna talmhan chuige,agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé amach ar thaobh an bhóthair é, mar a mbeadh an cíos aige dó i gcionn seachtaine.Lá ar na mháireach, do ghleas Liam é féin chun dul go dtí an baile mór. le ualach cruithneachtan,chun airgead an chíosa a dhéanamh. Nuair a bhí ruainne maith de'n bhóthar curtha dhe aige, do chonnaic sé tig ar cliathán an bhóthair, agus do cheap sé nár chonnaic sé an tig sin san áit sin riamh roimis, BA gheárr gur tháinig fear amach as an dtigh, agus do chuir sé fáilte roimhe Liam, agus do cheannuig sé an cruithneacht uaidh. Ba gheárr gur tháinig fear eile , agus fear eile, agus fear eile , agus do chuireadar fáilte roimh Liam,agus do thosnuigheadar ag tarrach na málaí cruithneachtan isteach sa tigh, go dtí go raibh sé go léir tarraigthe acu. Seadh arsa Liam, tá aithne agaibh go léir ormsa,agus níl aon aithne agam orraibh. Seadh anois a Liam Uí Ruainigh , innis scéal dúinn arsa fear a ' tighe.Dhera níl aon scéal agam arsa Liam. Cad do dheineadar annsan, ná duine des na fir do mharbhúghadh , agus do shághadar bior treasna tré na chorp ó thaobh go taobh,agus dubhradar le Liam é róstadh leis an dteine,agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Dá
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cinn Aird Thoir, Co. Kerry