School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 065
  3. XML “Báitear Lán Loingeas d'Aon Duine Amháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin fadó bhí Ár Slánuightheóir céad moladh is buidheachas leis agus na h-Aspoil ag siúbhal cois na fairrge agus cé gur bhé an Samhradh a abhí ann, bhí sé an-fhiadhain, agus bhí ceathanna troma ann agus leóithne gaoithe. Bhí an fairrge 'na chúbhrán bán. Bhíodar ag féachaint uatha amach ar an bhfairrge agus thugadar an long fé ndeara ag gearradh tré sna tonntacha. Tháinig scamall idir iad agus an long agus taréis glanadh don scamall ní raibh tásc ná tuairisc na luinge ann. Dhein Naomh Peadar dánaidheacht ar an Slánuightheóir, agus d'fhiafruig sé dhe cá raibh sí imthighte nó cad d'imthig uirthe. "Tá sí síos i mbun puíll," adubhairt an Slánuightheoir. "Faire go deó is choidhche," arsa Peadar, "agus cad na thaobh nár fhóiris uirthe agus tú i ndán e dhéanamh." "Do dhéanfainn, a Pheadair," ar seisean," ach go raibh cúis maith chun na luinge a dhíthiúghadh. Bhí droch dhuine sa bhfuireann agus do tharraing sé faobhar feirge Dé anuas ortha go léir. Ní raibh dul as an gcailliúint aca." "Ach deirim-sé gur mhór an éagcóir san a dhéanamh. Cad na thaobh nár báthadh an duine sin agus an chuid eile a shaoradh?" arsa Peadar. Níor thug an Slánuightheóir aon fheagra air, agus do ghluaiseadar chun siúbhail arís. Ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0759: God's justice Vindicated
    Language
    English
    Collector
    Síghle Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry