Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “An Buachaill gur Theastaigh Cuntas uaidh cé acu ab Fhearr Slí a Athar nó a Mháthar chun Dé”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    má seadh go raibh a scéal féin chómh h-aindeis leis." Conus san ?" arsa an fear eile . "Tá," ,arsa fear an tíghe. Gabha iseadh mise, agus táim ag obair go dian ó éirghe lae ar maidin Dé Luain go tuitim oidhche Dé Sathairn, agus sin í an obair thrioblóideach atá agam. Tá cuid mhaith airgid á dhéanamh agam air,ach má tá , tá sé ag imtheacht arís uaim, i dtreo nách féidir liom piginn do spáráil." Tá do scéal olc go leor", arsa an fear eile."Tá" , arsa an Gabha, ach más rud go bhfillfir choidhche gaibh chugham feachaint an mbeadh aon leigheas agat dom. D'fhágadar slán age na chéile annsan go dtí go dtáinig dubh is dall na h-oidhche an tarna lá air, Chonnaic sé tig uaidh arís agus chuaidh sé isteach ann, D'iarr sé lóistín na h-oidhche agus fuair. Fuair sé a shuipéar . Chuaidh an chuid ba shine de chluadar an tíghe chun rinnce éigin a bhí tamall ó'n áit ar chros -bhóthair.. Dubhairt fear an tíghe leo nuair a bhíodar ag fágaint na ba a chur sa bhfaithche, agus an geat do dhaingniú go maith ortha. Bhí fear an tíghe agus an duine eile ag cainnt cois na teine , agus ba gheárr gur chualadar an bhó ag géimnig tímcheall an tíghe. "Is dócha " arsa fear an tíghe , gurb amhlaidh nár leog an deabhadh do stoc an rinnce an geata do dhaingniú ar na buaibh. Bhí beirt gharsún sa tig . "Imthig amach agus tomáin an bhó ,ar seisean le duine acu. D'imthig an garsún air amach agus má imthig níor fhill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry