Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 155
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    I n-aimsir na ndeachmhadh bhí an ministir ghá mbailiúghadh.

    I n-aimsir na ndeachmhadh bhí an minisgtir ghá mbailuúghadh . Bhíodar bailighte aige ghá gcur isteach sa phóna. Do bhailig na buachaillí óga tímcheall air. Do stracadar anuas dá chapall é. Do chárdaileadar le cárdaí lámha é agus dheineadar a cheannacha a stracadh as a chéile. Thug sé baramhail aithne do bheirt acu. Tógadh iad agus do trialadh iad agus do daoradh iad. Do cuireadh siar an chúis go dtí n ceathramadh sóin. Cuireadh ón gceathramhadh sóin iad go dtí an siseón. Chuaidh dune de's na buachaillí ag triall ar an gCounsiléar ó Connaill. Níor daoradh acht duine acu. Dubhairt sé leis an bhfear a daoradh gur bí an croch a bhí i n-áirigthe dó agus déanamh fé mar a dearfadh sé féin leis. Dul amach sa gharraídhe agus leigint air bás d'fágháil a bhean agus a chlann a bhailiúghadh tímcheall air agus é thógaint isteach. An lá bheadh sé gá chur go raghadh sé féinig na shochraid agus go mbéarfhadh sé fídnéidh leis go raibh sé marbh ar an gclár. Dubhairt an Counsiléar le fear a bhí ar lóisdín aige gluaisteacht i n-aonfeacht eis go raghaidís 'ín tsocraid go raibh a leithéid seo dhuine go raibh "sentence" a chrochta air ghá chur indiu. D'imthígheadar ortha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Diolláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Seoladh
    Cinn Aird Thiar, Co. Chiarraí