Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Mac na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí aon mac amháin aici.. Ní fhanadh sé ag an dtig i naoncor ach ag imteacht leis i bhfad ó bhaile. An lá se d'imthig se lé h-ualach cruithneachtan go dtí an margadh. Dhíol sé an cruithneacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile chuala sé an gleó go léir istig i dtig. a bhí ar thaobh an bhóthair. Chuaidh se 'isteac agus is amlaidh a bhí scata fear istig ag imirt chárraí. Chuaidh sé ag imirt na dteannta agus má chuaidh do bhuadhbar gach a raibh d'airgead aige. Annsan d'imir se an capall sa trucail agus de bhuabhdar iad. Ní raibh aon nídh fágtha aige annsan agus dubhairt sé ná tabharfhadh se agaidh ar an mbaile a thuille. Bhí sé ag cur de agus bhí an oidhche ag teacht air agus ní thabharfhadh aoinne aon lóisdin do. Bhí coill i n-aice leis agus chuaidh sé isteach inte u gcómhair na h-oidhche. Ba ghéarr gur ghaibh fear eile thar brághaid agus an scéal ceadhna aige. Ghaibh an tríomhad fear thar brághaid agus d'fhiafruigh sé dhíobh cad ab fhághail leó annsan. D'ínnseadar a scéal do. Ó ar seisean tá tig díomhaoín annse thiar agam sa agus téighidh isteach ann i gcóir na h-oidhche. Chuadar isteach ann agus chuireadar síos teine mhaith agus dubhairt fear gur leis an tig leó go raibh a ndóthain bídh agus díghe acu
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí