Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “An Buachaill Aimsire agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí buachaill aimsire ann fadó agus bhíodh sé ag imtheacht ó áit go háit ar lorg oibre. Uair amháin chuaidh sé ag obair d'fheirmeoir áirithe agus bhí an feirmeoir ana chruaidh air. Do bhíodh air eighe go hana mhoch ar maidin agus dul amach sa ghort ag obair , gan aon bhricfeast, agus do bhíodh air bheith ag obair go dian ó dhubh go dubh agus ó Luan go Satharn. Sa deire ,dubhairt sé leis féin go nimtheochadh sé leis mar níor fhéad sé é sheasamh níos sia. Do bhailig sé leis lá mar seo, agus bhí sé ag cur de ,de ló agus d'oidhche, oidhche anso aige agus oidhche annsúd. Bhí sé ag cur an bhóthair de lá mar seo agus do bhuail an t-ocras é. Do chonaic sé tig bhréagh ar thaobh an bhóthair agus do chuaidh sé go dtí an doras, ach ní raibh aoinne 'na comhnuidhe sa tig sin. D'imthigh sé leis agus do chuaidh sé go dtí an tig ba ghiorra dhó.Chuaidh sé isteach ann. Do bhí buachaill agus cailín annsan mar thig, agus d'fháiltigheadar roimis. Do bhí prátaí beirbhthe agus feól aca agus do chuireadar ar an mbórd iad. D'fhiafruigheadar de a níosfhad sé agus dubhairt s,e go níosfadh. Nuair a bhí deire ithe aca thuadar seal ag cainnt agus sa chómhrádh dóibh d'fhiafruig sé de'n mbuachaill céir leis an tig breágh sin gur ghaibh sé thairis ar an mbóthar agus ná raibh aoinne ina chómhnaidhe ann. Dubhairt an buachaill gur leo féin é sin mar thig agus an tig go rabhadar 'na gcomhnaidhe ann chómh maith.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Giolla Padraig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Dún Géagáin, Co. Chiarraí