Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 161
- XML “Bléic de Búrc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin blianta ó shin chomnuig fear i mBaile n Sgeilg Thiar gur ab ainm dó Bléic de Búrc. Ní raibh aon nídh sa tsaoghal aige ach acra talmhan agus bainbh muice. Bhí sagart na chómhnáidhe i n -aice leis agus bhí piarda mór gabhair aige. Lá amháin chuaid muc bhléic isteach i n-atarainn an tsagairt . Ach má chuaid chuir an sagart a ghabhar na dhiaidh agus ní ró mhaith an crot a bhí uirthe na dhiaidh mar do stol agus do strac na gadhar í agus bhí sí ag tabhairt fola. Nuair a chonnaic Bléic í bhí sé ar buile agus bhíodh sé dá innsint do's na h-aoinne mar gheall uirthi. Cé bhuailfeadh leis an sagart ach Pádraig an Éithigh. Seadh Phadraig, bhfuil aon sgéal nuadh agat? arsa an sagart. Ní mór é i mhuise ach do chuir rud amháin an ionghadh orm indé. Do ghaibh trí préacháin móra dúbha treasan na spéire agus ana ghleo acu. Níor thugas aon chluas ar dtúis dóibh ach ba geárr gur chuala an méid seo á rád acu.
Bloodshed, Bloodshed, Bloodshid arsa an céad ceann go feargach. " Where , Where , Where, arsa an dara ceann níos a feirge. "At Bléic de Búrc's , At Bléic de Búrcs, At Bléic de Búrc's arsa an tríomhadh ceann. Do mhachtnuig an sagart ar feadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Leathlobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí