Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “An Coileach Dearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Coileach Dearg
    Bhí baintreabhach ann fadó, agus bhí triúr inghean aice. Do bhíodar ana bhocht, agus mar gheall ar sin, dob éigean dóibh dul go dtí an tráig gach lá, ag bailiúghadh cnósach trágha. Lá amháin, chuadar go dtí an tráig, agus ní fada a bhíodar ann nuair a chualadar coileach ar glaodhach i mbárr na faille. Dubhairt an cailín ba shina le na driféaracha go leanfadh sí an coileach, agus dhá bhéadfadh sí breith air go mbéarfadh sí abhaile é. Seadh d'imthig sí sa tsuíbhal 'na dhiad, agus nuair a chuiad sí anáirde ar an bhfaill, is amhlaid a bhí preabaire d'fhear óg annsan roimpe. Do bhí an fear óg so fé dhraoidheacht, agus an fhaid a bhí an cailín ar an dtráig, do bhí sé i gcódh coilig, agus nuair a chuaid sí anáirde ar an bhfaill, do bhí sé 'na fhear. Téanam i n-aoinfheacht liomsa ar seisean léi. D'imthig sí lena chois, agus níor stadadar go dtí go dtánghadar go dtí tig breágh. D'oscaluigheadar an doras, agus do chuadar isteach. Ní raibh duine, ná daonaidhe istig rómpa, ach amháin cat agus gadhar. B'iad san athair, agus máthair an fhir óig seo, agus do bhíodar fé dhraoidheacht. Do tugadh a dóthain le n-ithe, agus le n-ól do'n chailín, agus annsan dubhairt an fear léi gach seómra sa tig a ghlanadh amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0311: Rescue by the Sister
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Clochán na nUagh, Co. Chiarraí