Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach amáin seómra na n-eochrach buidhe. Ní raibh an cailín sásta gan fhios a bheith aice, cad do bhí istig i seómra na n-eochrach buidhe, aus do chuaid sí go dtí an doras, agus d'oscail sí é, agus ní luaithe a chuaid sí isteach ann, ná do thiut trí braonacha fola ar lámh uirthi. Do bhí sí ad' iarraid é ghladh le h-uisce, agus le galúnaig, ach ní raibh aon mhaith dhi ann. Taréis tamall, d'fhiafhruig an fear de'n chailín, ar dhein sé gach rud adubhairt sé léi, ach dubhairt sí leis gur dhein. Taisbeáin som do lámh ar seisean. Do dhein sí san, agus nuair a chonnaic sé rian na fola, do bheir sé isteach i seómra na n-eochrach buidhe í, agus do mhairbh sé í. Do chuaid beirt driféaracha an cailín do marbhuigheadh go dtí an tráig airís lá ar na mháireach, agus ní rabhadar abhfhad ar an dráig, nuair a thosnuig an coileach ag glaodhach airís i mbárr na faille. Dubhairt an t-arna cailín am basa, go leanfadh sí an coileach, agus go mbéarfadh sí bhaile é. Ach nuair a chuaid sí anáirde ar an bhfaill, cad do bhí ann roimpi ná rábaire d'fhear óg. Do bheir sé abhaile í, agus d'imthig an rud céadhna uirthi, agus d'imthig ar an gcéad cailín. And trímhadh lá, do chuaid an cailín ag óige chun na trágha, agus ní raibh sí ach díreach tagaithe, nuair a chualaid sí an coileach ag glaodhach airís i mbárr(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Clochán na nUagh, Co. Chiarraí