School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 090
  3. XML “An Coileach Dearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach amáin seómra na n-eochrach buidhe. Ní raibh an cailín sásta gan fhios a bheith aice, cad do bhí istig i seómra na n-eochrach buidhe, aus do chuaid sí go dtí an doras, agus d'oscail sí é, agus ní luaithe a chuaid sí isteach ann, ná do thiut trí braonacha fola ar lámh uirthi. Do bhí sí ad' iarraid é ghladh le h-uisce, agus le galúnaig, ach ní raibh aon mhaith dhi ann. Taréis tamall, d'fhiafhruig an fear de'n chailín, ar dhein sé gach rud adubhairt sé léi, ach dubhairt sí leis gur dhein. Taisbeáin som do lámh ar seisean. Do dhein sí san, agus nuair a chonnaic sé rian na fola, do bheir sé isteach i seómra na n-eochrach buidhe í, agus do mhairbh sé í. Do chuaid beirt driféaracha an cailín do marbhuigheadh go dtí an tráig airís lá ar na mháireach, agus ní rabhadar abhfhad ar an dráig, nuair a thosnuig an coileach ag glaodhach airís i mbárr na faille. Dubhairt an t-arna cailín am basa, go leanfadh sí an coileach, agus go mbéarfadh sí bhaile é. Ach nuair a chuaid sí anáirde ar an bhfaill, cad do bhí ann roimpi ná rábaire d'fhear óg. Do bheir sé abhaile í, agus d'imthig an rud céadhna uirthi, agus d'imthig ar an gcéad cailín. And trímhadh lá, do chuaid an cailín ag óige chun na trágha, agus ní raibh sí ach díreach tagaithe, nuair a chualaid sí an coileach ag glaodhach airís i mbárr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0311: Rescue by the Sister
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Liam Ó Cróinín
    Gender
    Male
    Age
    64
    Address
    Clochán na nUagh, Co. Kerry