School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 131
  3. XML “Dómhnall Ó Séaghdha agus Dómhnall na mBó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an tseana aimsir fadó ní raibh capaill ná trucaillí cómh iomadamhail ag Muinntir Uibh Ráthaigh is tá anois. Ní raibh aon mhargadh níos a 'chomhangaráige ná Corcaigh dóibh chun a gcuid ime a dhíol. Sé an tslíghe a thugaidís a gcuid ime go Corcaigh ná ar dhrom capaill. Bhíodh an t-im déanta suas i bhfeircíní acu, dhá fheircín ceangailte ar gach taobh de'n tsrathar a bhíodh ar an gcapall agus an tríomhadh ceann i gcora na sratharach. D'imigh beirt fhear ón Lóthar i bparóiste Chathair Dómhnall dárb ainm dóibh Dómhnall Ó Séaghdha agus Dómhnall na mBó. Bhí capall agus trí feircíní ime ages na h-aoinne acu. Chaitheadar oidhche a thabhairt i gCíll Áirne ar a n-imeacht agus ar a dteacht . Nuair a bhíodar ag filleadh n'fhéadfaidís aon tig lóisdín fhágháil. Bhí na h-aon tig tógaithe suas mar bhí mórán daoine ann an tráthnóna céadhna. Bhuail fear leó- fear galánta deagh éadaigh dar leó féinig. D'fhiafruig sé dhíobh an lóisdín a bhí uatha, agus dubharadar gur beadh. Dubhairt sé go dtabharfadh sé féin lóisdín dóibh agus stábla dá gcapaill. Thug sé leis iad tamall taobh 'muigh don tsráid go dtí na thig féin. Chuir sé cóir bídh ortha féin is air a gcapaill. Nuair a bhí san 'déanta aige dubhairt sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Siocfhradha
    Gender
    Male
    Age
    41
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry