School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 111
  3. XML “An Fairceallach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D'éirigh Fionn Mac Cúmhaill amach lá amháin ag fiadhach imeasg na gcoillte. Ara a gacasadh abhaile go dtí an rígh theaghlach tráthnóna dféachadar na ndiaig agus agus chonnacadar fairciollach beag duine na ndiaiig . Do mhoilleadar go dtagadh sé suas leó, agus níorbh aon mhaith dóibh é, mar fé mar a mhoillidís d'fhanadh sé chun deiridh. Bhíodar ag cur díobh agus do mhoillidís ach d'dhanadh sé chun diridh. Leannadar ar aghaidh go dtí go dtánadar isteach sa rígh theaghlach agus níor mhothuigheadar aon nídh nó go dtánaig sé isteach na ndiaidh. is gur chaith sé é féin sa chúinne . Bhíodar ag olamhúghadh bídh agus nuair a bhí sé ullamh do shúibear chuigis , agus ba ghnáthach le Fíonn ná suíbfeadh sé chun bídh go bhfeicfeadh sé an haoinne eile na bhun. Ghlaoidh sé ar an stróinséár chun bídh agus ní raibh sé ag teacht agus dubhairt sé ná beadh aoinne na thig féin gan biadh. Tháinig sé annsan agus shuidh sé i dteannta na bhfear agus chaith sé a chuid bídh. Nuair a tháinig am codhlata chuadar a chodhladh. Deirígheadear ar maidin agus dfágadar an rígh theaghlach agus dimthígheadar sa chúrsa céadna gur imthígheadar an lá roimis sin. Dféachadar na ndiaidh arís agus bhí sé na ndiaidh . Bhíodar ag moilliú go dtagghadh sé suas leó. Níorbh aon mhaith dóibh é fé mar a mhóillidís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ó Conchúbhair
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Ceannúigh, Co. Kerry