Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Abha Cóille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bainntreabhach ag Abha Cóille, go raibh aon mac amháin, agus triúr inghean aice. Dubhairt an mac léi, lá amháin go mbfearra dhó dul i n-aimsir nó le céird éigin. Cad í an chéard go mbeithfeá in aidhine dul léi arsa an mháthair? Bíos meáidhte ar dul le Gaibhneacht ar seisean. Ba mhaith an ceárd san arsa an máthair dá bfoghlumótheá í. D'imthig sé air, agus bhí sé ag siúbhal riamh is coidhche nú gur bhuail cnobarlach de sheana Ghabha leis, agus ceárdtha ar thaobh bóthair aige.
    D'fhiafhruig sé dhe an dtógfadh sé príntíseach. Do tógfainn a dubhairt sé ach n'fheudfainn tu do chothú. Chuaidh sé amach go dtí na sheana-bhean, chun a fhiafruighe dhi an mbeadh sí sásta leis an mbuachaill do thógaint. B'fhéidir gur mac duine bocht é arsa an tseana-bhean, agus go n-íosfadh sé gach a mbeadh agat féin. Do luig sé leó pé i nÉirinn é, agus ba mhaith an díol air. Bhí glaodhach nár bheag ar a gcéird acu, agus bhíodar ag cur airgid thórsa mar ba mhaith leó. D'fhan sé aige go ceann cúig mbliadhan, agus nuair a bhí na cúig bliadhna caithte aige, dubhairt sé go raibh sé i n-am aige ceárdtha do chur suas é féin. Do roinneadar an t-airgead ar a chéile, agus nuair a bhí san déanta do chrom an sean-duine ar ghol. D'fhiafruig an buachaill de cad a bhí air. Má shocruigheann tú fút i n-aon treo dhom ar seisean. Ní thiocfaidh an t-asal féin chugham ar seisean. Ná biodh eagla ort go
    bfhanfad i n-aon treo dhuit arsa an buachaill. D'imthig sé air, agus do bhí ag cur de ar feadh laethanta, nú gur casadh isteach i mbaile mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT1350: The Loving Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ciarbhaic
    Inscne
    Fireann
    Aois
    90
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Kerry