School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 092
  3. XML “Scéal na Lánúine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lánamha ann fadó , agus do bhí aon mhac amháin acu. Bhí feirm bheag talmhan acu, ach mar sin féin, bhíodar ana bhocht. Do bhí an mac go h-ana -óg, nuair a cailleadh a athair, agus ní raibh sé ábalta ar an talamh d'oibriú. Do bhíodar chómh bocht san sa tsaoghal, ná feadar an bhaintreadhach bocht ansan, cad a dhéanfadh sí , ach taréis tamaill do dhíol sí an talamh, agus nuair a bhí an mac críonna a dhóthain , do chuaidh sé ins na saighdiúraithe. Ní raibh aon eólas aige'n a mháthair mar gheall air, agus n'fheadar sí cár ghaibh sé. Do bhí sé ag déanamh árd trioblóide dhi, ach fé cheann bliadhna do scríbh sé chúichi agus d'innis sé di go raibh sé ins na saighdiúraithe,. Nuair a léighidh sí an leitir , agus nuair a fuair sí amach cá raibh sé , do bhí áthas a croidhe uirthe. Annsan dubhairt sí 'na h-aigne féin go raghadh sí ar a thuairisc lá éigin. Do dhein sí cúpla peidhre stocaí dhó, chun iad do bhreith chuige. Nuair a bhí na stocaí cniotálta aice,lá amháin d'imigh sí uirthe ag triall air. Cé gur mó míle fada a bhí sé uaithe, is ag coisídeacht a chuaidh sí, mar ní raibh aon tslíghe eile aice chun imtheachta . Bhí sí ag cur di ar feadh trí lá agus an ceathrú lá bhuail peidhleár léi, agus bosca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Conchúbhair Ó Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    An Com, Co. Kerry