School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 044
  3. XML “Dómhnall na Scairte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean shíon sean úncail dom shean- mháthair a beadh Dómhnall na Scairte. Dómhnall Mac Cártha a bainim dó agus is é an fáth a ghlaodhtí Dómhnall na Scairte ar mar bhí sé na chómhnaidhe ar an Scairt i n-aice lé Néidín. Do mhair sé i n-aimsir na bPéindlíghthe, Do díoltaí buachaillí an uair sin mar sclábhaidhthe agus chuirtí i bhfad ó bhaile iad mar bé sin droch dhlíghe Chromail. Na ceanna a bhí ós cionn na hoibre seo do bhíodar ana mhór lé Dómhnall. Do tháinig an scéal nuair a bhí an duine deireannach curtha chun siúbhail aca agus ní raibh aoinne eile le fágháil san áit acht Dómhnall agus dream de bhuachaillí eile bhí tímcheall. Dubharadar go gcaithfheadh sé imeacht san tsiúbhal cé go raibh ana leisge air mar ní raibh aoinne aige na athair ach é. Do thógadar leó é , é féin agus an chuid eile acu agus chuireadar anáirde ar sheana lochda dhorchadha a bhí ar chaisleán é. Tamall amach san oidhche , nuair a bhí na saighdiúirí ag ithe is ag ól dubhairt Dómhnall lé na chomarádaibh a gcuid éadaigh a chaitheamh díobh agus go gcuirfheadh sé amach tríd an bhfuinneóg iad.. Nuair a bhí an duine deireannach amuich aige agus é féin ag scaoileadh féin síos dó , bhraitheadar e agus as go br,ath leis. Do bhí an namhaid na dhiaidh agus é rómh mhaith sa tsiúbhal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Bríghde Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry