School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 068
  3. XML “Na Trí Snaidhm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí triúr fear 'na gcómhnaidhe i n-Oileán Dairbre fadó gurb' ainm dóibh Seán Meachair, Tadhg Ó Conchubhair, agus Tadhg Rábach. Ní raibh aon nídh sa tsaoghal acu ach báidín, agus b'é a ngnó bheith ag trádáil ó Oileán Dairbre go Corcaigh le feiricíní ime agus uibhe cearc, mar ná raibh aon bhóthre ann san am san. Thugaidís earradh le nuair a bhídís ag teacht abhaile, min agus plúr agus tobac.
    Uair amháin a bhíodar ann do bheir moill ortha ar feadh seachtmhaine agus iad ag faire 'na h-aon lá ar ghluaiseacht abhaile. Ceann de sna laethannta do ghaibh bean síos an cé chúcha.
    "A Thaidhg," adubhairt sí, "cheapas gur sa bhaile a bhís an t-am so." "Táim ag feitheamh go mbeidh an ghaoth i bhfábhar liom," arsa Tadhg. "Ná bíodh ceist ort mar gheall ar sin," adubhairt sí. "Seo haincisiúir duit go bhfuil trí snaidhm air. Nuair a raghair go béal an phuirt amach scaoile snaidhm acu, agus más beag leat a mbeidh de shlíghe agat á dhéanamh, nuair a raghair cómh fada le cósta Chiarrauidhe, go dtí an Tarbh, an Bhó agus an Laogh, scoil an tarna snaidhm, agus ar do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Seochfradha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry