School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 027
  3. XML “Murchadh agus Maonus”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear 'na chónnuidhe i n-íochtar Múmhan darb ainm do Murcadh , agus fear eile i n-uachtar Múmhan darb ainm do Maonus. Ins an am san níorbh fhéidir aon bheirt fhear d'fághail ba threise ná iad. Ní raibh aon aithne acu araon ar a chéile, agus do ghluais Maonus lá chun aithne do chur ar Mhurchadh. Gaibhne dob eadh araon.
    Ach go h-áirithe do bhí Maonus ag cur de go dtáinig sé go dtí ceárdchain. Do chuaid sé isteach doras na céardchan agus dubhairt sé leis an bhfear istigh rud éigin a thabhairt chuige amach a dheargeóchadh a phíop, Do bhuail an gabha istigh sméaróid dearg ar soc na h-inneóna agus do thóg agus do thóg sé leis amach 'na lámh an inneóin, agus do shín sé chun an fhir amuigh í. Ba mhaith an mhaise sin do' n fhear amuigh. Do bheir sé ar an sméaróid,agus do dhearg sé a phíop. Dheineadar ionad coinne le na chéile annsan, triall do bheith eadthortha lá ar na máireach, féuchaint ciacu fear ab fhearr . Ins an oidhche sin , do bhuaileadh fuinneóg Mhur chadh ó'n dtaoh amuigh. Do labhair Murchadh, agus d'fhiafruig sé cé bhí amuigh. Do labhair an guth agus dubhairt . Mise Bhean Mhaodhnuis. D'fhiafruig sé di cad do bhí uaithe. Do dhíthigheas Maonus ar sise, mar bhfeárr liom d'fhear tusa ná é. Fágann san tu gan Murchadh gan Maonus arsa 'n fear istigh.
    An duine go b'fuaras an scéal uaidh Micheál Mac an Roigh
    aois 66 bliadhna
    seoladh Baile'n Sceilg, Cíll Áirne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Mac an Roigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry