School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 074

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 074

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 074
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1 Is mairg a bhíonn i dtír is gan éinne aige acht é féin,
    Lá na bruighne luighfidh an maide ar a thaobh , ar a tharrac sa chíll ní bheidh púinn dá charaibh ag éigeamh.
    Is dall iad súile i gceann dune eile.
    2 Bláth an aitinn sa Mhárta nó an ceannabhán sa Mheitheamh.
    Uisge sa bhainne agus teanga liom leó, béal meala agus dealg i ndróm.
    3 Is géire aon tsúil amháin sa chúinne ná dhá shúil ar an dteinteán.
    4 Ní lúgha an fhrig na máthair an uilc.
    5 Áithrígheach óg deineann sé seana -diabhal críona.
    6 Tabhair rogha de'n bodach is tóghfaidh sé díth.
    7 Srathar na h-an-dheise an cliabh agus fógair an diabhal an beart.
    8 Bíodh teine agat féin nó dein do ghorradh lé gréin.
    9 Gach dalta mar oiltear nó an lacha ar an uisge.
    10 Cúmhgarach tíghe, Cumhgarach bídh agus cumhgarach croidhe na trí h-annacraí móra.
    12 Allus a mhallaibh féin a ghortuigheann gach n- aon.
    13 Is mairg gur bean tíghe ar a h-inghean agus máighistir ar a mac.
    14 Níor mhothuig an sáthach sámh an t-ocras riamh
    15 Timcheall chun na h-oibre is ag sodar chun an bhídh.
    16 Galar gan náire iseadh tart an leanna.
    17 Dá lá shoinean is saoire dhá lá fuacht is fearthainn,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Murchadha
    Gender
    Female