Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 023
  3. XML “Triúr Filí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhilí i gCiarruidhe agus chuireadar a ndubhshlán fé fhile a bhí gCorcaigh. Dheineadar ionad coinne go mbuailidís le na chéile i sráid áirithe i gCiarruidhe. Do ghluais an file aonair fé na ndéin, agus bhí sé síos suas an sráid ar a lorg. Casadh isteach i dtig tábhairne é. Bhí beirt fhear na suidhe ag bórd, agus gloine lán i lámh na h-aoinne acu. Bhuail sé isteach chúcha.
    Do labhair duine acu leis mar seo, -
    “Sin duine gan áird a tháinig chúghainn indiu,
    N’ fheicim ‘na láimh cárt ná crúsca puins.
    Is dóich liom gur bh’ fhearr gabháil air le strúille duip,
    Imthig as an áit is fág an dúthaig againn.”
    Do labhair file Chorcaighe agus dubhairt, -
    “Ní duine gan áird mé a tháinig chughaibh-se indiu.
    Ach file fial fáilteach dhéanfadh dán dúbalta.
    Pe ‘cu agaibh is fearr ar chás ná i gcúrsa fir,
    Seasuigheadh sé a lámh anáirde ós cionn a phuis.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Rinn Dubh, Co. Chiarraí