Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 085
  3. XML “Conas Mar a Dhein Eoghan Rua an Moladh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Eoghan Ruadh 'na buachaill aimsire age duine éigin i gConntae Luimnigh, gur raibh feirm tógtha aige ann. Do bhíodh sé ag reamhrú stuic ann. Eoghan a bhíodh ag reamhrú agus ag tiomáint an stuic dó. Casadh isteach go tig i gContae Luimnigh uair é. Bhí beithidheach marbh sa tigh agus a chosa tosaigh ar crocadh anuas. Nuair a bhí a shuipéar iththe aige bhí sé féin agus fear an tíghe ag cainnt mar gheall ar an saoghal agus ar an aimsir. "Is dócha ," arsa Eoghan," go bhfuileann sibh-se go maith as anseo.." "B'fhéidir gur dhéich leat," arsa fear an tíghe"."Ó arsa Eoghan," níl beithidheach ar crocadh ag aoinne ach daoine atá go maith as." "Sin í an beithidheach daor orainn," arsa fear an tíghe." Conus san ," arsa fear an tíghe. "Tá , táimíd ag aodhaireacht annso age duine uasal,agus go deimhin chun na fírinne a rádh , tá sé an -mhaith dúinn.. Tá droch- chómharsa againn ar an dtaobh eile de chlaidhe na teorann, agus níl aon ainmhidhe againn ná fuil i gcontabhairt aige iad do mharbhú. Tá sí sin mar beithidheach a chíonn tú ar crocadh anuas, bhí sí anáirde ar chlaidhe na teorann cúpla lá ó shoin,agus bhí an mí-ádh chómh mór san orm gur chaitheas cloch léi. Cá mbuailfinn í ach sa chois, agus do bhriseas an chos agus b'éigean dom í mharbhadh. Caithfidh mé díol aisti leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí