Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Conas Mar a Bhuaigh an Cunsailéir Óg ar an gCunsailéir Críonna i mBabhta Dlí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gasra fear i dtigh tábhairne i gCorcaigh ag ól. D'éirigh achrann idir beirt acu , ar shlíghe is gur mhairbh duine acu an duine eile. Thóg na peelers an té mhairbh an duine. Tairigeadh tríd an ndlíghe ,e , agus leagadh amach ar bannaí é go dtí Siosón Chorcaghe. Cómhairligheadh dó ná raibh aoinne a oibríochadh an chúis chómh maith dhó ná an Counsiléár Ó Conaill i nDoire Fhionáin. Ghluais sé air agus níor stad sé go dtáinig sé go Doire Fhionáin. Bhí an Counsiléar sa bhaile roimis agus a mhac, an Counsiléar Óg.. Dubhairt an sean-Chounsiléar leis an bhfear nuair a innis sé a sgéal dó ar conus a thuit sé amach, agus ar chad a thug annso é. Dubhairt sé an fhírinne a innsint do agus gan aon chor a chur sa sgéal, ach do réir mar a thuit amach. D'innis sé dó focal ar fhocal mar a thuit amach. Dubhairt sé gur mhairbh sé an fear agus go raibh fear an tábhairne mar fhídhnéidh air. N'fhéadfainn aon phoinnte a fhágail sa chúis a
    dhéanfadh an tsaoradh ort. Táim eaglach go gcrofhfar tú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Michéal Ó Seocfrada
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí