Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 081
- XML “An Chinniúint”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Feirmeóir gur rith cinniúnt air, agus fuair na h-ainmhidthe go léir bás air, ach aon bhó amháin. Bhí sé chómh ceanneamhail ar an mbóin sin , go mbeiread sé leis í ins gach áit go raibh féar maith ag fás. Lá amháin bheir sé leis í tar claidhe na faille, áit go raibh fásach féir a raghadh suas go dtí na bolg. Nuair a bhí a dóthain ithte ice, agus nuair a bhí sí dá tabhairt abhaile, do shleamhnuig sí leis an bhfaill, Do bheir an feirmeóir ar eirbeall uirthe féachaint an bféadfadh sé í choimeád anáirde, ach níor fhéad. Annsan do labhair sé léi, agus dubhairt, Mhuise Dar Fiadh , taréis a bhfuil de bha caillte orm imthig-se chóm maith leó. Lá Bealttaine dob eadh lá ar na máireach, agus bhuail an feirmeóir síos chun na fairrge ag féachaint ar an áit gur shleamhnuig an bhó leis an bhfaill,
agus cad do chdhfeadh sé ná gamhain óg buineann i n-aice na fairrge. Do thug sé leis abhaile ,é,agus do bheathaidh sé go maith é. Nuair do bhí an gamhain aige cúpla bliadhain nú trí do bhí gamhain buineann aice, agus mar sin di ar feadh bliadhain is fiche 'na dhiaid san, go dtí go raibh a dhóthain stuic ar an dtalamh aige 'n bhfeirmeóir airís, Bfeárr ceann des na buaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Súilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dá
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí