Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 057
- XML “An Buachaill gur Theastaigh Cuntas uaidh cé acu ab Fhearr Slí a Athar nó a Mháthar chun Dé”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a d'iarraidh an olann do mhúchadh agus más seadh thóg sí féin teine.Sar ar fhéadadh an teine a mhúcadh bhí sí loiscithe 'na beathaidh. Bhailig na cómharsain annsan agus do mhúchadar an teine. Do deineadh í thórramh agus an dá lá dá tórramh agus lá na sochraide, b'iad na trí lá ba bhreághtha tháinig riamh. Bhí an -thrioblóid ar an mac mar gheall ar sin , cad na thaobh go raibh trí droch -lá ag an athair dá thórramh agus dá chur agus trí lá breaghta ag an máthair, Dubhairt sé ná codlóchadh sé oidhce sa bhaile chun go bhfaigheadh sé amach réidhteach an ceiste.. Do dhein sé é féin suas chun bóthair agus fuair sé buachaill chun aire a thabhairt don dtig agus don bhfeirm sa bhaile.'Sé margadh dhein sé leis an mbuachaill ná aire thabhairt den áit go dtí go bhfillfeadh sé nó mara a bhfillfeadh an áit a bheith ar fad aige. Bhailigh sé leis chun bóthair agus bhí sé ag cur de an chéad lá go dtí go dtáinig dubh is dall na h-oidhche air. Chonaic sé tig abhfad uaidh agus chuaidh sé fé na dhéin, D'iarr sé lóistín na h-oidhche agus dubhairt fear an tíghe go bhfaifhedh. Gabha dob eadh fear an tíghe . Fuair sé a shuipéar ,agus bhí sé féin agus fear an tíghe ag cainnt le n-a chéile. D'fhiafruig fear an tíghe dhe cad é an slíghe -bheatha a bhí aige nó cá raibh a thriall. D'innis sé dhó focal ar fhocal mar a thuit amach. Dubhairt fear an tíghe go raibh a scéal aindeis go leor, ach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí