School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 444
- XML “Aontaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deich sgillinge eathorta sgaoiltear é i leath. Annsan deireann aon fear leis an fear eile 'Troim do lámh' agus deineann siad dhá leath de an deifriocht agus bhíonn an margadh déanta. Chuireann siad píosa éadaig in a mbhíonn dath ar, ar earbhall gach bó nó laogh nó gach saghas ainmhidhe eile, agus marcáltar na muca le píosa greise trucailleach nó le píosa cailce.
Bhíonn aonach mór i gCill-Orglain i mí Lúghnasa agus glaodhtar Aonach a Phuic air. Leanann sé ar fead trí lá, lá bailighthe, lá mór agus lá scaipithe.
Tagann tincéirí ó gach áird na Mumhan ann agus bíonn botháin agus campaí agus trucail acu in n-aice na sráide agus iad díol agus ag ceannach.
Bhíonn sluagh mór daoine ann idir óg agus aosta agus bhíonn gach aoinne ar a gnó féin ar maidin an aonaig. Bhíonn capaill agus asail, gabhair, ba, caoire, muca, crán muice, banbhaí, ba bainne agus ba seasga (seaschuighthe) ann.
Bhíonn aonach na n-iniún ann gach blian i gCill-Orglain ar an octmadh lá deug de Mí an Samhna. Bíonn a lán daoine ann agus bhíonn a lán iniún acu i mboscaíbh agus i(continues on next page)- Collector
- Labhaoise Ní Phóil
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Póil
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry