School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Filter stories

Back
/ 470 Forward
Resolution: Low | High
Scéalta Grinn

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 355

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgeulta Grinn

Ainm an Aithriseóra: Muiris de Burca.
A Seoladh: Drom, Gleann Beithe.
A Aois: 52 bl.
Fadó fuair bean bás in-aice le Cill-Orglain. Máthair scuaine leanbh do beadh i. Do bhí sí curtha le cupla mí nó mar sin.
Bhí capall liath ag fear a'tighe agus do rith an capall gach lá mór tímpal na páirce ar feadh trí seachtmhaine agus bhí eagla mór ar muinntir an tighe.
Cuaidh an fear go dtí an sagart parróiste agus d'innis sé an sgéul dó agus d'iarr sé ar an sagart an t-aifreann do léigheamh ar son a h-anama agus tháinig an sagart chun an tighe cúpla lá na dhiaid sin agus léig sé an t-aifreann.
Dubhairt an sagart leis "Muna deineann an rud sa aon mhaith duit tar chúgham arís." Níor dhein agus do chuaidh an fear go dtí an sagart arís agus dubhairt an sagart leis dul go dtí an reilig agus an uaig

(continues on next page)
Collector
Síle A. de Búrca
Gender
female
Address
Drom, Co. Kerry
Informant
Muiris de Burca
Gender
male
Age
52
Address
Drom, Co. Kerry
Language
Irish