School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Filter stories

Back
/ 470 Forward
Resolution: Low | High
Tobar Sheanáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 371

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tobar Sheanáin

Ainm an Aithriseóra: Máire bean Uí Gráda,
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.
Tá tobar Sheanáin suidhte i gCurra leath slighe idir an muileann agus an roilig. Tá a lán crann ag fás mór timcheall an tobair sin. Glaodhtar an t-ainm sin air mar do (chuir s) tháinig Naomh Sheanáin go dtí an áit agus do cuir sé an tobar ar an áit in a bhfuil sé anois agus do chuir sé chrann mór ag fás i n-aice an tobair. Tá eidhneán ag fás mór timcheall an crainn agus glaodhtar crann eó air.
Tá a lán sgeul mar gheall air agus is í sin an cheann atá againn
Bhí clann in a comhnuidhe i gCurra fadó darab ainm Ó Grobhta.
Aon lá amháin ní raibh aon bhrosnú aige.
Ar a deich a clog ar maidin chuaidh fear go dtí an crann sin cun é leagadh.
Bhí sé ag gearradh an chrainn ó leath uair taréis a deich go dtí a dó a clog ach níor b'féidir leis é do leagadh.
Ansan do tháinig ocras mór air. Fuair sé corcán a thug sé leis agus cuaidh sé isteach

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Shúilleabháin
Gender
female
Informant
Máire Bean Uí Gráda
Gender
female
Age
75
Address
Kilnabrack Lower, Co. Kerry
Language
Irish